Anailísí Tacaíochta Gnó ICC / ICC Business Support Analyst
Uisce Éireann Dublin, Leinster, Ireland · €50K–€75K/yr
Utilities · 1,001-5,000 employees
About the role
The Business Support Analyst will provide high-level administrative support, including data collation, analysis, and the preparation of reports and presentations. They are responsible for designing performance dashboards, managing alarm systems, and supporting internal activities within the Intelligent Control Centre and Asset Operations.
What they look for
Requirements
Candidates must have at least 3 years of relevant experience, preferably in the water or utility industry. A third-level qualification is desirable, along with strong analytical skills and knowledge of telemetry and alarm management systems.
Full description
Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.
Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.
Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.
Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.
An Ról:
Tá feidhm na nOibríochtaí Sócmhainní ina bunchloch maidir le seachadadh seirbhísí do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar Fheidhm Rialaithe Oibríochtaí Sócmhainní as gníomhaíochtaí na bpríomhfhoirne teicniúla agus bonneagair a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, agus a bhainistiú, trína soláthraítear saineolas agus barr feabhais ar bhonn náisiúnta i gcomhar le soláthar Réigiúnach agus Áitiúil gnáthsheirbhísí tosaigh uisce agus fuíolluisce, agus mar chomhlánú an tsoláthair sin.
Déanann an fhoireann Oibríochtaí Comhtháite monatóireacht ar fheidhmiú na timpeallachta oibriúcháin, ag cinntiú go n-aithnítear agus go mbainistítear rioscaí do leanúnachas seirbhíse agus go mbíonn cur chuige um thús áite don Chustaiméir chun tosaigh sna gníomhaíochtaí Oibríochtaí Sócmhainní. Áireofar leis seo feidhm an bhoinn sócmhainní, barr feabhais a chur ar tháirgeacht agus sláine an líonra a bhainistiú le linn idirghabhálacha.
Tá an tIonad Rialaithe Chliste freagrach as maoirseacht láraithe agus chaighdeánaithe a sholáthar ar oibriú Shócmhainní Uisce Éireann ar bhonn 24/7/365. Cuireann an fheidhm sin príomh-ról ar fáil maidir lena chinntiú go maolaítear riosca agus go gcuirfear príomh-léargais agus tacaíocht ar fáil do bhaill foirne líne thosaigh chun iad a chabhrú seirbhísí sábháilte agus leanúnach a sholáthar do Chustaiméirí.
Beidh an tAnailísí Tacaíochta Gnó IRC freagrach don Bhainisteoir Tacaíochta Gnó IRC agus beidh sé/sí freagrach as tacaíocht riaracháin ar ardleibhéal a sholáthar trí roinnt príomhghníomhaíochtaí lena n-áirítear; bailiú agus anailísiú sonraí, tuarascálacha agus láithreoireachtaí a ullmhú do spriocluchtanna éagsúla, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí inmheánacha éagsúla laistigh den IRC agus Oibríochtaí Sócmhainní.
Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:
- Foireann láraithe deaiseanna feidhmíochta IRC a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil ar mhaithe le rioscaí a shainaithint ar bhonn níos fearr agus le haghaidh cinnteoireacht Oibríochtúil.
- Tacaíocht, treoir agus oiliúint atá éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha maidir le monatóireacht 24/7/365 agus freagairt a dhéanamh ar aláraim agus córais monatóireachta, rialaithe agus tuairiscithe á n-úsáid.
- Tacaíocht a thabhairt don fhoireann níos leithne maidir le tacar caighdeánaithe aláram a fhorbairt agus a bhainistiú do bhonn sócmhainní Uisce Éireann i gcomhréir le caighdeáin na heagraíochta.
- Measúnú a dhéanamh ar fhairsinge chlúdach na n-aláram i gcoinne na gcaighdeán sin ar leibhéal na sócmhainne agus ar leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus pleananna feidhmithe chéimnigh a fhorbairt chun tabhairt faoi bhearnaí sa chlúdach.
- Láithreoireachtaí, scarbhileoga agus tuairiscí ardchaighdeáin a fhorbairt trí úsáid a bhaint as pacáistí bogearraí éagsúla, amhail Microsoft Word, Outlook, PowerPoint, Excel, Access, SharePoint, Dynamics 365, Power BI etc.
- Tacaíocht agus treoir a sholáthar do pháirtithe leasmhara maidir le riachtanais i leith clúdach comharthaí agus teiliméadracht fostáisiún a chumrú ag sócmhainní.
- Freagrach as monatóireacht, léirmhíniú agus cruthú sonraí, agus soláthar tuarascálacha bainistíochta a chuidíonn le cinnteoireacht gnó agus a thacaíonn le feabhas leanúnach. Áirítear leis sin monatóireacht agus léirmhíniú sonraí lena soláthraítear faisnéis agus sonraí ar aon imeacht / teagmhas, rud a chinnteoidh go gcuirfear sonraí in iúl don lucht bainistíochta sinsearaí cuí chun freagairt a thionscnamh.
- Sonraí/faisnéis a chur i dtoll a chéile chun tacú leis an bhfeidhm cuspóirí an ghnólachta agus bealaí uasdátaithe oibre a bhaint amach de réir mar atá sainithe i gClár Bunathraithe Uisce Éireann.
- Taighde deisce a dhéanamh maidir le cúrsaí na huaire de réir mar a iarrfaidh Ceann Oibríochtaí Sócmhainní, Ceann Rialaithe Oibríochtaí agus Ceannasaí Tacaíochta Gnó, nó duine ar bith acu sin
- Sonraí a chur i dtoll a chéile chun anailísiú treochtaí, bailíochtú próiseas agus bainistíocht sonraí a éascú le haghaidh cumarsáidí achoimre a ullmhú maidir leo sin
- Freagrach as bheith ar an eolas faoi na próisis agus na nósanna imeachta um méadú atá i bhfeidhm chun an tionchar ar chustaiméirí/ ar ghnó a laghdú.
- Freagrach as gach plean, beartas agus nós imeachta SSCT a chomhlíonadh.
- Freagrach as dualgais eile ar bith a chur i gcrích a mheastar a bheith riachtanach nó a bhfuil gá leo, a iarrfadh lucht bainistíochta an Ionaid Rialaithe Chliste go réasúnach.
Dualgais agus Freagrachtaí Ginearálta
- Comhoibriú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha ar fud ghnólacht UÉ.
- Freagrach as gealltanais sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a sheachadadh ar fud UÉ agus a shlabhra soláthair, iompair dhearfacha a neartú agus cuspóirí agus riachtanais sláinte agus sábháilteachta ar na caighdeáin is airde sa tionscal a sheachadadh.
- Tacaíocht a thabhairt don Chlár Uisce Éireann um Bunathrú chun Feabhais a sholáthar, torthaí a theastaíonn laistigh den Stiúrthóireacht a bhaint amach, agus tacú le cuspóirí uile-eagraíochta a bhaint amach.
- Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
- Dualgais eile nuair is gá.
Eolas, Scileanna agus Taithí:
- Tá cáilíocht agus / nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe
- Tá taithí ábhartha 3 bliana ar a laghad riachtanach. Tá taithí sa tionscal uisce nó fóntas nó i dtionscail atá cosúil leo inmhianaithe
- Eolas grinn ar phróisis cóireála uisce agus fuíolluisce.
- Tuiscint ar na prionsabail a bhaineann le bainistíocht aláram oibríochtúil, lena n-áirítear sainiú aláram, socrú teorainneacha, beartú tosaíochtaí, uasligean agus athbhreithniú laistigh de thimpeallachtaí teiliméadrachta nó ionad rialaithe.
- Tuiscint agus eolas ar chórais ghnó reatha a bhaineann le córais teiliméadrachta agus bainistíocht aláram.
- Tá tuiscint mhaith ar IRC, ar chumrú teiliméadrachta agus ar theicneolaíocht allamuigh bunriachtanach
- Oibrímid níos fearr le cheile - An cumas comhpháirtíochtaí éifeachtacha a fhorbairt agus a choimeád le príomhpháirtithe leasmhara ar bhonn inmheánach agus seachtrach
- Cuntas teiste cruthaithe maidir le déileáil le ceisteanna casta, go réamhghníomhach agus go pras, chomh maith leis an gcumas faisnéis a chur in iúl do dhaoine eile
- Táimid uaillmhianach - Duine atá spreagtha, a oibríonn ar na caighdeáin ghairmiúla is airde ag a bhfuil an cumas cruthaithe torthaí a bhaint amach mar bhall d’fhoireann
- Scileanna anailíse láidre agus cumas anailís a dhéanamh ar fhadhbanna agus ar ghnéithe feabhais féideartha agus iad a shainaithint, mar aon le réitigh a mholadh agus a chur i bhfeidhm
- Déanaimid an rud ceart - Inoiriúnaitheacht agus an cumas béim agus treo a athrú le bheith ar aon dul le straitéis agus le riachtanais ghnó a léiriú
- Réimsí nua feabhais a shainaithint go réamhghníomhach agus faisnéis agus scileanna nuafhoghlamtha a úsáid i mbun oibre
Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná XXX.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.
*Tairgfear tuarastal d’iarrthóirí seachtracha rathúla laistigh den raon a fógraíodh bunaithe ar mheasúnú ar na scileanna, cáilíochtaí, taithí agus ullmhacht ábhartha atá aige/aici chun freagrachtaí an róil a ghlacadh.
Measfar iarrthóirí inmheánacha i gcomhréir le cur i bhfeidhm Shamhail Phá Uisce Éireann agus na mbeartas pá gaolmhar.
Deartar an raon tuarastail chun glacadh leis go bhféadfadh iarrthóirí rathúla páirt a ghlacadh san eagraíocht ag céimeanna éagsúla dá ngairm, fad atá scóip á cur ar fáil d’fhorbairt tuarastail amach anseo de réir mar a fhorbraíonn cumas agus eispéireas.
Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.
Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid iarratais, agus fáiltímid rompu, ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.
We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.
Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.
We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.
Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.
The Role:
The Asset Operations functions form the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure. The Asset Operational Control Function has responsibility for developing, implementing, and managing the activities of key technical teams and infrastructure, which provide expertise and excellence on a national basis in collaboration with, and complementary to, the Regional and Local delivery of routine front-line water and wastewater services.
The Integrated Operations team monitor the performance of the operating environment, ensuring risks to service continuity are identified and managed and that the Customer first approach is at the forefront of Asset Operations activities. This will include the performance of the asset base, optimising production and managing network integrity during interventions.
The Intelligent Control Centre is responsible for providing centralised and standardised oversight of the operation of Uisce Éireann ’s Assets on a 24/7/365 basis. This function delivers a key role in ensuring that risk is mitigated and frontline operations staff are provided with leading insights and support to assist in delivering safe and consistent services to Customers.
The ICC Business Support Analyst will report to the ICC Business Support Manager and will be responsible for providing a high-level of administrative support through a number of key activities including; data collation and analysis, preparing reports and presentations for a variety of audiences, and support for various internal activities within the ICC and Asset Operations.
Main Duties and Responsibilities:
- Design, develop and maintain a centralised suite of ICC’s performance dashboards for improved risk identification and Operational decision making
- Provide effective and efficient support, guidance and training to internal and external stakeholders regarding 24/7/365 monitoring and response to alarms using monitoring, control and reporting systems.
- Support the wider team with the development and management of a standardised set of alarms for the UÉ asset base in accordance with organisational standards.
- Assess the extent of alarm coverage against these standards at an asset, local, regional and national level and develop roll-out plans to address gaps in coverage.
- Develop high-quality presentations, spreadsheets and reports using a variety of software packages, such as Microsoft Word, Outlook, PowerPoint, Excel, Access, SharePoint, Dynamics 365, Power BI etc.
- Provide support and guidance to stakeholders on requirements for signal coverage and configuration of telemetry outstations at assets.
- Responsible for monitoring, interpreting and building data, and provision of management reports that aid business decision-making and support continuous improvement. This includes monitoring and interpreting data which provides information and details on any event / incident, ensuring data is communicated to appropriate senior management for initiation of response.
- Collate data/information to support the function in achievement of business goals and updated ways of working as defined by the Uisce Éireann Transformation Programme.
- Conduct desktop research on topical issues as required by Head of Asset Operations, Head of Operational Control and/or Business Support Lead
- Collate data to allow analysis of key trends, process validation and data management and assist in preparation of summary communications on these
- Responsible for being aware of escalation processes and procedures in place to reduce the customer/business impact.
- Responsible for adhering to all HSQE plans, policies and procedures.
- Responsible for carrying out any other duties deemed necessary and / or required, which the Intelligent Control Centre management may reasonably request.
General Duties and Responsibilities
- Collaboration with key internal stakeholders across the UÉ business
- Responsible for promoting and delivering health and safety commitments across UÉ and its supply chain, reinforcing positive behaviours and delivering health and safety objectives and requirements to the highest industry standards.
- Support the delivery of the Uisce Éireann Transformation Programme, driving results required within the Directorate and supporting organisation-wide objectives.
- Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
- Other duties as required.
Knowledge, Skills and Experience:
- Relevant third level qualification and or accreditation is desirable
- A minimum of 3 years relevant experience is required. Experience in the water, utilities or similar industries is desirable
- In-depth knowledge of water and wastewater treatment processes
- Understanding of operational alarm management principles, including alarm definition, limit setting, prioritisation, escalation and review within telemetry or control centre environments.
- Understanding and knowledge of current business systems associated with telemetry systems and alarm management
- A good understanding of ICA, telemetry configuration and field technology are essential
- We work better together - Ability to develop and maintain effective effective partnerships with key stakeholders internally and externally
- Proven track record with dealing with complex issues, proactively and in a timely fashion along with the ability to communicate information to others
- We aim high - Highly motivated individual, working to the highest professional standards and with proven ability to deliver results within a team.
- Strong analytical skills and ability to identify and analyse problems and potential improvements, and propose and implement solutions
- We do the right thing - Demonstrate adaptability and the ability to change focus and direction in line with business strategy and requirements
- Proactively identifying new areas of improvement and using newly gained knowledge and skill on the job
The closing date for receipt of applications for this vacancy is XXX.
Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.
* Successful external candidates will be offered a salary within the advertised range based on an assessment of their relevant skills, qualifications, experience and readiness to undertake the responsibilities of the role.
Internal candidates will be considered in line with the application of Uisce Éireann's Pay Model and associated pay policies.
The salary range is designed to recognise that successful candidates may join the organisation at different stages in their career, while also providing scope for future salary progression as capability and experience develop.
Uisce Éireann is an equal opportunities employer.
We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.